Na hÚdair

 

 

 

 

Aoife Ní Chonchúir

Is as Corca Dhuibhne ó dhúchas í Aoife Ní Chonchúir. Tá bunchéim aici ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh agus M.Phil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide. Bhain sí M.A. amach sa Phleanáil Teanga freisin. Tá réimse leathan cúrsaí Gaeilge múinte aici d’fhoghlaimeoirí fásta in eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla. Dearann sí cúrsaí agus ábhar Gaeilge ar bhonn leanúnach. Tá spéis ar leith aici i gcúrsaí teanga sa Ghaeltacht agus tar éis di blianta a chaitheamh ag obair i mBaile Átha Cliath, bhog sí abhaile go Corca Dhuibhne. Tá sí anois ag obair i bPobalscoil Chorca Dhuibhne mar chomhordaitheoir teanga.

Úna Nic Gabhann

Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas í Úna agus tá sí ina cónaí sa Fhrainc. Tá céim agus máistreacht aici ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sí dioplóma iarchéime amach san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne), Ollscoil na hÉireann, Má Nuad i 2012. Chomh maith le bheith ag múineadh Gaeilge agus Béarla do dhaoine fásta le blianta anuas, bíonn sí ag cruthú ábhar teagaisc Gaeilge d’institiúidí éagsúla ar bhonn rialta: Ionad na dTeangacha; Ollscoil na hÉireann; Má Nuad (TEG & Vifax); Pobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean, Co. Chiarraí; Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
 

randomness